Woodrow Wilson
Ba é an Dr. Thomas Woodrow Wilson (28 Mí na Nollag 1856 - 3 Feabhra 1924) 28ú uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí sé i bhfeidhmeannas ón 4 Márta 1913 go dtí an 3 Márta 1921. Gobharnóir New Jersey a bhí ann roimhe sin (1911–1913) agus uachtarán Ollscoil Princeton (1902–1910).Chaith Wilson a óige i ndeisceart na tíre. Bhí an Cogadh Cathartha ar siúl nuair a bhí sé 5-9 bliana d'aois. Chuaigh sé go hOllscoil Princeton nuair a thosaigh a athair ag teagasc ansin agus bhain sé a chéim bhaitsiléara amach ó Princeton sa bhliain 1879. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4Gairmuimhir: Handbibliothek 5/01LEABHAR