Horst Mahler
Dlíodóir agus iar-sceimhlitheoir de chuid Dhrong Baader-Meinhof é Horst Mahler (a tháinig chun saoil i Haynau, inniu: Chojnów sa Pholainn, ar an 23 Eanáir 1936) a chuaigh le ciníochas agus le náisiúnachas faisisteach níos déanaí ina shaol.Ghlac sé páirt i mbunú Dhrong Baader-Meinhof sa bhliain 1970. Chaith sé an chuid ba mhó de na seachtóidí sa phríosún mar phionós as a chuid ainghníomhartha mar sceimhlitheoir.
Sa bhliain 1980, scaoileadh saor é, agus i 1987, fuair sé ceadúnas arís ceird an dlíodóra a chleachtadh.
Sna 1990idí, chuaigh sé le hantoisceachas na heite deise, agus sna blianta 2000-2003, bhí sé ina bhall den NPD ("Páirtí na nDaonlathach Náisiúnta"), an ceann is tábhachtaí de pháirtithe na heite deise antoiscí sa Ghearmáin.
Ina dhiaidh sin, áfach, thréig sé an páirtí, nach raibh sách radacach aige, agus bhunaigh sé cumann nua do lucht diúltaithe an Uilelosctha, ''Verein zur Rehabilitierung der wegen Bestreiten des Holocausts Verfolgten''. clé|mion|150x150px|1970idí Chaill sé a cheadúnas dlíodóireachta arís sa bhliain 2004, toisc go bhfuarthas gur cumann frith-bhunreachtúil a bhí ann, is é sin, go raibh cuspóirí an chumainn ag teacht salach ar bhunreacht daonlathach na Gearmáine.
Ina dhiaidh sin féin, tharraing Mahler súil air féin go minic leis na ráitis mhadrúla phoiblí inar cháin sé na Giúdaigh, na ciníocha neamh-Eorpacha agus an daonlathas parlaiminteach. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4Gairmuimhir: ZsnAlt
-
5Gairmuimhir: ZsnAlt
-
6Gairmuimhir: ZsnAlt
-
7Gairmuimhir: ZsnAlt
-
8
-
9
-
10Gairmuimhir: ZsnAlt
-
11
-
12
-
13Gairmuimhir: ZsnAlt
-
14de réir Mahler, Horst
Foilsithe / Cruthaithe 2001Gairmuimhir: Handbibliothek 4/01Inhaltsverzeichnis
LEABHAR -
15Gairmuimhir: Handbibliothek 4/01LEABHAR
-
16
Gairmuimhir: ZsnIRIS