Thomas Müller

Is imreoir peile é Thomas Müller, a rugadh ar an 13 Meán Fómhair 1989. Tá sé ag imirt le Bayern München faoi láthair. Imríonn sé le foireann sacair idirnáisiúnta na Gearmáine chomh maith. Imríonn sé i lár na páirce nó chun tosaigh. Tá clú ar a luas, a theicnic agus a fhéinmhuinín agus ar na cúil a scórálann agus a chruthaíonn sé. Tá sé le Bayern München óna óige. Thosaigh sé ag imirt leis an bpríomhfhoireann faoin traenálaí Louis van Gaal i séasúr 2009–10 agus bhí sé páirteach sa chuid ba mhó de na cluichí. Bhuaigh an club an Bundesliga agus an corn chomh maith le craobh Shraith na Seaimpíní a shroichint. De bharr a chlú agus an taithí a bhí faighte aige glaodh air imirt don fhoireann náisiúnta do Chorn an Domhain 2010. Fuair sé dhá chúl i gcoinne Shasana sa dara babhta. Fuair sé an chéad chúl (sa 3ú nóiméad) i gcoinne na hAirgintíne sa chluiche ceathrú ceannais. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 6 toradh á dtaispeáint as 6 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Müller, Thomas', am iarratais: 0.10s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
  2. 2
    Gairmuimhir: Zsn
    Alt
  3. 3
  4. 4
  5. 5
    de réir Hartenstein, Elfi
    Foilsithe / Cruthaithe 1999
    Rannpháirtithe: “…Müller, Thomas K.…”
    Gairmuimhir: Hacb
    LEABHAR
  6. 6
    de réir Hartenstein, Elfi
    Foilsithe / Cruthaithe 1991
    Rannpháirtithe: “…Müller, Thomas K.…”
    Gairmuimhir: Ged
    LEABHAR