Benjamin Disraeli, an Chéad Iarla Beaconsfield
Polaiteoir Briotanach ba ea Benjamin Disraeli, an Chéad Iarla Beaconsfield, (21 Nollaig, 1804 – 19 Aibreán, 1881). Ghlac Disraeli páirt i rialtas na Ríochta Aontaithe ar feadh tríocha bliain agus dhá théarma caite aige ina Phríomh-Aire. Ba é an chéad duine de dhúchas Giúdach é sa phost seo. Ba bhall den Pháirtí Coimeádach é, agus bhunaigh sé an páirtí nua-aimseartha atá againn inniu. Arna chur ar fáil ag Vicipéid-
1
-
2