Cicearó

Glactar go forleathan leis mar dhuine de na príomh-óráidithe Laidine agus de na scríbhneoirí móra sa teanga, agus is clasaicigh iad a chuid aistí. Tá sé ina bhun-údar ag an bprós Rómhánach; dá bharr sin tá a chuid saothar pinn mar bhunús ag formhór litríocht na hEorpa le dhá mhíle bliain. Níorbh fhéidir a stíl a shárú ar ghontacht, ar shoiléireacht, ar áilneach, ar oiriúnacht.
Is gnéithe buana den oidhreacht a d'fhág Cicearó iad oiriúnú na Laidine chun coincheapa fealsúnachta a tháinig ó na Gréagaigh a chur in iúl agus, go háirithe, an ról atá ag an dlí nádúrtha i smaointeoireacht an Iarthair maidir leis an moráltacht, leis an dlí agus leis an bpolaitíocht. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3