An Búda
thumb|Dealbh sa tSeapáin Is é an Búda an t-ainm a thugtar ar Gautama Siddartha, bunaitheoir an Bhúdachais, agus ciallaíonn sé ‘an té atá ina dhúiseacht’. Rugadh é thart faoin mbliain 550 RCR i dtuaisceart na hIndia agus ba rí é a athair.Deirtear go ndearnadh tairngreacht agus an Búda ina pháiste go rachadh sé sna manaigh nuair a bheadh fulaingt agus cruachás an domhain tugtha faoi deara aige agus go ndéanfadh sé cion tairbhe iontach tábhachtach ó thaobh na spioradáltachta de, rud nár thaitin lena athair ar chor ar bith. clé|mion|Lá Vesak Thóg a athair gairdín mór dó agus chuir sé cosc ar aon radharc a bhainfeadh leis an bhfulaingt. Lá amháin, áfach, d’éalaigh an Búda, agus chonaic sé ceithre radharc: seanfhear, fear tinn, marbhán agus manach. I ndiaidh dó na rudaí seo a fheiceáil, chinn sé ar phálás an rí a fhágáil le bheith ina mhanach agus fáil amach faoin mbealach ab fhearr le cosc a chur ar an bhfulaingt.
Chaith sé tamall ag staidéar leis na haiséitigh éagsúla chun ióga a fhoghlaim, ach ní raibh sé sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aige. D’imigh sé uathu agus shuigh sé síos faoi scáth crainn bodhi, agus mhóidigh sé fanacht ansin go mbeadh an eagnaíocht bainte amach aige.
Deirtear, agus é ina shuí ansin, gur mhothaigh sé fulaingt iomlán an chine dhaonna agus gach neach eile, ach ag deireadh na tréimhse chuaigh sé isteach sa nirbheána, ó bhí an eagnaíocht bainte amach aige. mion|Lá Vesak Ar dtús bhí rún aige fanacht ansin gan focal a rá le haon duine eile, ach deirtear go raibh guth ón dia Brahma ag impí air an t-eolas sin a roghnú. Mar sin, chaith an Búda cúig bliana is dhá fhichead ag dul gach áit ag tabhairt cuidithe do dhaoine a bhí i gcruachás.
Theagasc an Búda na ceithre fhírinne uaisle:
* Is í an fhulaingt an saol ar fad, * is í an dúil bunús na fulaingthe, * is é stad na dúile stad na fulaingthe, agus * is í conair na n-ocht rian an dóigh chun sin a dhéanamh (amharc ceart, rún ceart, caint cheart, gníomhú ceart, slí bheatha cheart, iarracht cheart, aireachas ceart agus tiúchan ceart). clé|mion|Gautama Siddartha Bhunaigh an Búda ord manach agus siúrach agus bhí lucht leanúna tuata aige fosta.
I rith na n-aoiseanna a lean, bhí líon ollmhór daoine ag leanúint a theagaisc, mar is amhlaidh inniu, agus is cinnte gur duine de mhórghiniais spioradálta i stair an domhain é an Búda.
Ceiliúrtar Lá Vesak gach bliain, i mí na Bealtaine de ghnáth (athraíonn an dáta gach bliain mar úsáidtear féilire na gealaí leis an dáta a chinntiú). Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1
-
2
-
3
-
4
-
5